Dámhachtana

Tá mórán dámhachtan mór is fiú faighte ag an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí, agus ba mholadh ar thiomantas agus ghairmiúlacht na foirne iad ar fad.

Best Companies to Work For logo  An 50 Cuideachta is Fearr

Bhí an tSeirbhís um Cheapachá in Phoiblí go mórálach i measc an 50 cuideachta ab fhearr in Éirinn lena bheith ag obair inti ceithre bliain as a chéile ó 2005 go 2007. Cuireann Institiúid um Shárláthair Oibre in Éirinn an liosta i dtoll a chéile le haitheantas a thabhairt do eagraíochtaí a sholáthraíonn sárthimpeallacht oibre dá bhfostaithe.

Roghnaítear na cuideachtaí is fearr trí mheasúnú a dhéanamh ar aiseolas ó na fostaithe ar chultúr na láithreach oibre agus trí féachaint ar á gcuid polasaithe maidir le daoine, cleachtais agus Fealsúnachta. Ar na critéir a úsáideadh lenár measúnaithe bhí Inchreidtheacht, Meas, Cothromas, Mórtas agus Comrádaireacht.

Táimid thar a bheith mórtasach as an dámhachtan seo de bhrí go ndeinimid iarracht féachaint chuige go bhfuil ár bhfoireann sásta agus faoi dhúshlán ina gcuid postanna. . "Mar sholáthróirí seirbhíse, is gá dúinn bheith de shíor ag feabhsú ár gcuid seirbhíse," dar le Martin Bourke, Oifigeach Pearsanra, Stiúrthóir um Ghnóthaí Corparáideacha. "Ciallaíonn seo aird a chur in ár gcuid fostaithe agus iad a ghríosadh le caighdeáin níos airde a bhaint amach. Tá baill na foirne i ngar dár gcustaiméirí agus is mór linn a ndeineann siad san iarracht trí chéile. Is beartas cruinn gnó é na fostaithe a bheith páirteach i bpróiseas déanta cinnidh."

Excellence Through People logo  Foirfeacht Trí Dhaoine

Fuair ár n-eagraíocht an 'Dámhachtan um Fhoirfeacht Trí Dhaoine' don dara huair anuraidh. Is é an creidiúnú Foirfeacht Trí Dhaoine caighdeán náisiúnta na hÉireann ar fhorbairt acmhainní daonna. Is iad an dá aidhm atá leis ná forbairt iomlán a gcumas a spreagadh do fhostaithe agus aitheantas a thaispeáint do eagraíochtaí a bhaineann an caighdeán sin amach.

Tugtar an dámhachtan do eagraíochtaí ag a bhfuil an cleachtas is fearr um Chórais Acmhainne Daonna, go háirithe maidir le traenáil agus forbairt na foirne, cumarsáid, agus lámh a bheith ag an bhfoireann sa phróiseas déanta cinnidh.

Tá buachan an dámhachtana mór is fiú seo ina ghaisce ag ár bhfoireann. Molann sé tiomantas na bhfostaithe ar fad dá bhforbairt féin agus molann sé an pháirt atá acu i síorfheabhsú na heagraíochta.

Excellence in Recruitment Advertising Awards logo  Dámhachtana Náisiúnta Fógraíochta

Le déanaí, bhuaigh an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí dámhachtan 'Foirfeacht i bhFógraíocht Earcaíochta' an Irish Independent Award. Tugadh an damhachtan seo ar ár bhfeachtas Curadh do Leanaí as a d'eascair earcú an tOmbudsman do Leanaí. Bhain sé amach aitheantas as nuamhúnlú a dhéanamh ar fhógraíocht earcaíochta agus ar an mbealach ina gcuirtear i láthair í. D'éirigh go rí-mhaith leis an bhfeachtas agus ceapadh Emily mar chéad Ombudsman do Leanaí in Éirinn dá dhroim.

fill ar an mbarr